Foilsiú an Chlárúcháin

Nuair a chláraítear dearadh, nó i gcásanna ina bhfuil an foilsiú iarchurtha imithe in éag, foilsíonn an Rialaitheoir na sonraí seo a leanas in Iris Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann.

  • Uimhir chlárúcháin an dearaidh;
  • Ainm agus seoladh an úinéara cláraithe;
  • An seoladh le haghaidh na seirbhíse;
  • Dáta an chláraithe;
  • Pictiúr den dearadh;
  • Cur síos ar an dearadh;
  • Más infheidhme, an dáta tosaíochta agus ainm an stáit, na tíre, na críche nó an limistéir dá bhfuil an tosaíocht á héileamh agus an uimhir chódúcháin;
  • An aicme nó na haicmí, lena n-áirítear fo-aicmí; agus ráiteas maidir leis an táirge nó leis na táirgí ar a bhfuil nó ar a mbeidh an dearadh le cur i bhfeidhm nó ina mbeidh sé le cuimsiú.

Foilsítear Iris Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann gach coicís agus tá sé ar fáil ar líne saor in aisce nó is féidir cóipeanna di a cheannach ó Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann. Le cois é a fhoilsiú san Iris, cuirtear an clár dearaí ar fáil don phobal lena iniúchadh.

Foilsiú a chur siar

Féadfar foilsiú dearaidh a chur siar ar iarratas an iarratasóra ar íocaíocht na dtáillí forordaithe ábhartha iarchurtha ar feadh tréimhse suas le 30 mí ón dáta comhdaithe, nó i gcás gur éilíodh tosaíocht, ar feadh tréimhse suas le 30 mí ón dáta tosaíochta. I gcásanna dá leithéid ní chuirfidh an Rialaitheoir an clárú ar fáil don phobal nó ní fhoilseoidh sé an dearadh go dtí go mbeidh an tréimhse iarchurtha imithe in éag, nó ag aon dáta níos luaithe ar iarratas ón úinéir cláraithe.