Sócmhainní a dhéanamh de smaointe
Is é Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann comhlacht rialtais oifigiúil na hÉireann atá freagrach as cearta um maoin intleachtúil lena n-áirítear paitinní, dearaí, trádmharcanna agus cóipcheart.
Paitinní
Más aireagán é do smaoineamh lena bhfuil réiteach teicniúil, féadfaidh tú cearta eisiacha a fháil ar an aireagán le paitinn
Trádmharcanna
Má bhaineann do smaoineamh le branda uathúil ina bhfuil focail nó lógó, féadfaidh tú do chearta eisiacha a chosaint trí chlárú trádmhairc.
Dearaí
Má bhaineann foirm nó cuma uathúil le do smaoineamh, féadfaidh tú cearta eisiacha a fháil ar an dearadh le Cosaint Dearaidh
Cóipcheart
Má tá bunsaothair liteartha, dhrámatúla, cheoil nó ealaíonta cruthaithe agat is éard is cóipcheart ann an fhoirm dhlíthiúil cosanta is féidir a úsáid.
Cén cineál maoine intleachtúla atá ceart duitse?
Léigh ár dtreoir maidir le tuiscint a fháil ar mhaoin Intleachtúil chun an mhaoin intleachtúil atá ceart duitse a chinneadh.
An bhfuil do smaoineamh, aireagán nó branda ar fáil?
Sula ndéanfaidh tú iarratas ar cheart um maoin intleachtúil déan cuardach ar dtús lena chinntiú nach bhfuil sé cláraithe cheana.