Dúnfar línte gutháin na hOifige Dé Céadaoin 14 Deireadh Fómhair 2026

Rialacha na bPaitinní 1992 - Riail 78 Dúnadh Oifige an 14 Deireadh Fómhair 2026

Chun amhras a sheachaint, ciallaíonn gníomhaíocht thionsclaíoch ar an gCéadaoin 14 Deireadh Fómhair 2026 nach bhfuil Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann in ann oscailt chun gnó a dhéanamh leis an bpobal ar an lá sin. Dá bhrí sin, is “lá eisiata” é an 14 Deireadh Fómhair 2026 chun gach críche faoi na hAchtanna agus na Rialacha.

Beidh ár seirbhísí ríomhchomhdaithe agus ríomhíocaíochta ar fáil 24/7.